EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D02971

Cinneadh ó Choláiste Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 7 Feabhra 2024 Lena leasaítear agus lena bhforlíontar Rialacha Nós Imeachta Inmheánacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

IO C, C/2024/2971, 26.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2971/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2971/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2971

26.4.2024

CINNEADH Ó CHOLÁISTE OIFIG AN IONCHÚISITHEORA PHOIBLÍ EORPAIGH

an 7 Feabhra 2024

Lena leasaítear agus lena bhforlíontar Rialacha Nós Imeachta Inmheánacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

(C/2024/2971)

Coláiste Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’),

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (1) (dá ngairtear ‘Rialachán OIPE’ anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 21 de,

Agus an togra dréachtaithe ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach á chur san áireamh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

Beagnach trí bliana tar éis thús na n-oibríochtaí agus i bhfianaise a struchtúir uathúil, glacadh cairt eagrúcháin nua de chuid OIPE, lena mbunaítear, inter alia, Rúnaíocht an Choláiste.

2.

Tar éis chairt eagrúcháin OIPE a ghlacadh, is gá dul ar aghaidh le coigeartuithe ar na Rialacha Nós Imeachta Inmheánacha, go háirithe ó thaobh Rúnaíocht an Choláiste nuabhunaithe de.

3.

Tá gá le rialáil a dhéanamh sna Rialacha Nós Imeachta Inmheánacha ar an bhféidearthacht meithleacha agus grúpaí comhairleacha don Choláiste nó don Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach a bhunú .

4.

Déanfar foráil don nós imeachta mionsonraithe maidir le ceapadh na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha agus maidir le hathnuachan a sainordaithe cúig bliana sa Chinneadh ón gColáiste maidir le Coinníollacha Fostaíochta na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Déantar Cinneadh 003/2020 ó Choláiste Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh maidir le Rialacha Nós Imeachta Inmheánacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, arna leasú agus arna fhorlíonadh le Cinneadh 085/2021 agus le Cinneadh 026/2022 ó Choláiste OIPE, a leasú agus a fhorlíonadh mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

‘Airteagal 13

Rúnaíocht an Choláiste

1.   Tabharfaidh Rúnaíocht an Choláiste cúnamh don Choláiste agus cruinnithe an Choláiste á n-ullmhú, agus oibreoidh sí i gcomhairle leis an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach.

2.   I measc freagrachtaí eile, freastalóidh Rúnaíocht an Choláiste ar chruinnithe an Choláiste, déanfaidh sí miontuairiscí chruinnithe an Choláiste a thaifeadadh agus a choinneáil, déanfaidh sí achoimrí ar thorthaí na gcruinnithe a thiomsú, agus coinneoidh sí taifid chuimsitheacha ar ghníomhaíochtaí an Choláiste.

3.   Is é an Coláiste a cheapfaidh Ceann Rúnaíocht an Choláiste, a fhónfaidh mar Rúnaí don Choláiste.’

(2)

I ndiaidh Airteagal 14, cuirfear airteagal nua, 14a, leis, ina mbeidh an méid seo a leanas:

‘Airteagal 14a

Meithleacha

1.   Féadfaidh an Coláiste agus an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach meithleacha agus boird chomhairleacha a chur ar bun chun comhairle agus saineolas a chur ar fáil don Choláiste, nó don Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, faoi seach.

2.   Déanfar sainordú, comhdhéanamh agus feidhmiú praiticiúil na bhfoirmíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh sa Chinneadh ón gColáiste nó ag an bPríomh-Ionchúisitheor Eorpach, faoi seach, lena mbunófar gach meitheal nó grúpa comhairleach.’

(3)

In Airteagal 24, leasaítear an tríú mír mar a leanas:

‘3.   Mura ndéanann buanchomhalta den Dlísheomra Buan nó den Ionchúisitheoir Eorpach atá i mbun maoirseachta aon agóid a thaisceadh, laistigh de sprioc-am a gcinnfidh an Cathaoirleach é, measfar an Cinneadh a bheith glactha.’

(4)

Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

‘Airteagal 33

Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a cheapadh agus a sainordú cúig bliana a athnuachan

Déanfaidh an Coláiste cinneadh maidir le ceapadh na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha agus maidir le hathnuachan sainordaithe cúig bliana bunaithe ar thogra ón bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán OIPE agus leis na rialacha dá bhforáiltear sa Chinneadh ón gColáiste maidir le Coinníollacha Fostaíochta na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choláiste

Laura Codruța KÖVESI

Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach


(1)   IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2971/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top